Sunday 18 March 2018

Lá Ar Mo Phláta #4 (16ú Márta 2018)

Hello!
Just to let you know, this What I Eat In A Day post will be in Irish so sorry if you don't speak Irish!
Next week's post will be in English again, don't worry!

///

Conas atá tú?
Chun Lá Fhéile Pádraig a cheiuliúradh, bheartaigh mé ar phostáil a scríobh as Gaeilge just for the craic!
Tá brón orm má tá mo chuid gramadaí saghas lochtach ahaha ach déanfaidh mé mo dhícheall leis!
Má theastaíonn uait 'What I Eat In A Day' eile a léamh, is féidir cliceáil ar na postálacha seo:
agus
Tá súil agam go mbainfidh tú taitneamh as an bpostáil seo!

///

9:54rn - Gloine uisce
Ní raibh mé ag obair ró luath ar an Aoine, mar sin níor éirigh mé ró luath!
Thosaigh mé mo lá le ghoine uisce, táim ag iarraidh níos mó uisce a ól agus faighim go bhfuil sé chomh éasca uisce a ól an céad rud ar maidin.
Tuigim gur rud bunúsach é ach déanann sé difríocht mhór dom!

///

9:58rn - Sprae B12
Tógaim sprae de seo gach maidin. Más veigeán thú caithfidh tú B12 a thógaint. Is breá liom an sprae seo mar tá blas aibreoige air ahaha!
Tógaim táibléad vitimín D gach Domhnach, ní thógaim é gach lá.
Sin iad na forlíonta a thógaim, #so #interesting I know ahaha!

///

10:13rn - Leite
D'ith mé an babhla leite seo roimh dom dul ag obair.
Rinne mé an leite le coirce, bainne ríse, agus uisce. Is féidir leat mo phostáil mar gheall ar leite a léamh anseo!
Agus ansin ar barr chuir mé sútha talún, rísíní, agus cnó cócó.
Nuair a ithim babhla leite bím lán don lá, i ndáiríre!
D'ith mé an leite seo agus ansin chuaigh mé ag obair.

///
  
2:34in - Buidéal uisce agus flapóg
Caithfidh mé a rá go gceapaim go bhfuil an Gaeilge ar 'flapjack' chomh greannmhar ahahaha, flapóg! Níor chuala mé an focal sin riamh ahaha!
Nuair a chríochnaigh mé suas ag obair cheannaigh mé flapóg dom agus bhí sé sin agam le buidéal uisce nuair a tháinig mé abhaile.
Níl na flapóga sin sláintiúil in aon chur ach tá siad blasta agus coimeádann siad tú lán!

///

3:39in - Babhla caoineoige
Bhí ocras orm agus bhí sé ró luath don dinnéar, mar sin bheartaigh mé ar bhabhla caoineoige a dhéanamh!
Bhí an chaoineog déanta as banana, meascán de bhananaí agus sútha talún reoite, agus sú oráiste.
Chuir mé an chaoineog i mbabhla agus chuir mé gránólá nua de chuid Kellogg's, síolta meascaithe, síolta chia, im almóinne, agus dátaí ar barr!
Tá an gránólá nua atá ag Kellogg's ceart go leor, ní haon rud speisialta é ach déanann sé an jab ahaha!
Más rud é go raibh orm béile amháin a ithe don chuid eile do mo shaol, bheadh mé ag ithe babhlaí caoineoige go deo oooooh táim i ngrá leo!


///

6:06in - Gloine uisce
D'ól mé gloine uisce eile.
Dúirt mé leat go bhfuil mé ag iarraidh níos mó uisce a ól!

///

6:38in - Rollóg ispíní agus gloine uisce
Oh mo dhia muna raibh na rollóga ispíní de chuid Linda McCartney agat riamh, caithfidh tú iad a thrialladh!!!! Tá siad dochreidte!
 Blasann siad go hiontach agus tá an taosrán go hálainn ar fad!
D'ith mé rollóg amháin agus d'ól mé gloine uisce léi.
Thosaigh mé ag cócaireacht don dinnéar agus mé ag ithe é seo.

///

7:46in - Babhla búda agus gloine uisce
Is breá liom nuair a bhíonn babhla búda agam don dinnéar.
Is breá liom an meascán de bhia i mbabhla amháin agus bím i gcónaí lán tar éis babhla búda a ithe!
Sa bhabhla búda seo bhí roinnt rudaí agam, curaí lintilí dearga, rís donn, sicphiseánaigh rósta, agus cál suaithfhriochta.
Bhí sé class!



///

9:50in - Seacláid the
Cheannaigh mé bainne coirce 'barista' de chuid Oatly agus theastaigh uaim seacláid the a dhéanamh leis mmmm.
I phota, mheasc mé cacó, im almóinne, síoróip mhaiple, salann, agus bainne ríse go dtí go raibh gach rud meascaithe go cothrom. Ansin chuir mé isteach an bainne coirce agus rinne mé é sin a mheascadh go dtí go raibh sé meascaithe isteach go hiomlán.
Ansin chuir mé beagánín uachtar cnó cócó ar barr agus bhí sé actually class!

///

9:54in - Dáta 'Medjool' le him piseanna talún
Theastaigh uaim rud beag a ithe nuair a bhí mo sheachláid the á ól agam, mar sin fuair mé dáta 'Medjool' agus chuir mé beagánín im piseanna talún sa lár agus oh mo dhia bhí sé thar barr.
Muna raibh dáta riamh agat le him piseanna talún nó le him almóinne, caithfidh tú é a thrialladh oh mo dhiaaaaa tá sé thar barr!


///

Agus sin é!
Tá súil agam gur thaithin an phostáil seo leat!
Caithfidh mé a rá, ní ithim an méid céanna gach lá, déanaim iarracht a lán torthaí agus glasraí úra a ithe, agus déanaim iarracht dathanna difriúla a ithe chomh maith!
Athríonn rudaí gach lá, níl anseo ach 'snippet' de mo shaol!
Níl mé foirfe ar chor ar bith ach déanaim mo dhícheall chun aiste bia veigeáin sláintiúil a chuir chun cinn!
Is féidir leat ríomhphost a sheoladh chugam go dtí plantpoweredhuman@gmail.com nó is féidir leat caint liom ar Instagram!
Grá mór,
Darragh
Share:

No comments

Post a Comment

© Plant Powered Human | All rights reserved.
Blog Layout Created by pipdig